"Cad a ċuirfimíd ann ?"
"Cruiṫneaċt," ars' an fear eile.
Ċuir siad an ċruiṫneaċt agus nuair ṫáinig
an fóġṁar ḃí barra iongantaċ aca. Ḃain siad
í agus ḃuail siad í. Ḋíol siad an grán agus
fuair siad ana-ċuid airgid air.
"Ṫuigim anois an saiḋḃreas a ḃí i gceist ag
m'aṫair," ars' an mac ba ṡine. "Tá saiḋḃreas
sa talaṁ i gcóṁnaiḋe aċ ní ṡaoṫruiġeann
daoine i gceart é."
|