Ḃí feirmeoir ag faġáil ḃáis tráṫ. Ġlaoḋ
sé ar a ṫriúr mac agus ar seisean leo :-
"Níl ór ná airgead agam díḃ. Tá feirm
ṁaiṫ agam, áṁṫaċ, agus tá saiḋḃreas ṁór i
ḃfolaċ ann. Táim ag fágaint na feirme
agaiḃ-se anois aċ ní innseóċaiḋ mé ḋíḃ an áit a
ḃfuil an saiḋḃreas. Níl sé ró-ḋoiṁin san iṫir.
Ba ċeart díḃ ċromaḋ láiṫreaċ ar an ḃfeirm
do róṁar agus níl aon aṁras na go mbeiḋ
siḃ saiḋḃir lá éigin."
Fuair an feirmeoir bás annsan. Ċoṁ luaṫ
agus ḃí an tsoċraid ṫart ċrom an ċlann ar
an dtalaṁ a róṁar. Ċeap siad gaċ maidin
go mbeaḋ próca óir faiġte aca roiṁ an oiḋċe.
Sa deire ḃí an ḟeirm róṁarṫa aca ó ḃun go
bárr aċ ní ḟeaca siad an tsaiḋḃreas ann.
Ṫáinig an tÉarraċ.
"Anois," ars' an mac ba ṡine, "ó ṫárla go
ḃfuil an talaṁ róṁarṫa againn nár ṁaiṫ an
rud síol a ċur ann ?"
"Aontuiġimíd leat," ars' an ḃeirt eile d'aon
ġuṫ.
|