annsan. Sin í an ċúis go ndeintear droiċid
treasna orm.
Tá baile mór ar mo ḃruaċa. Ní maiṫ liom
muinntir an ḃaile sin mar caiṫeann siad a
lán rudaí isteaċ ionnam. Ní ṫéiġeann éinne
ag snáṁ ionnam agus is maiṫ an scéal é sin.
Tá cúpla scoil ar mo ḃruaċa. Is maiṫ liom
na páistí aċ ní ceart dóiḃ ḃeiṫ ag súgraḋ
ró-ġar dom ar eagla go dtuitfeaḋ siad isteaċ
ionnam. Deinim mo ḋíċeall gan iad a ḃáṫaḋ
aċ uaireannta ní ḃíonn leiġeas agam air.
Is dóċa go ḃfuil eolas agaiḃ ar an muileann
arḃair atá ar mo ḃruaċ. Is mise a ċuireann
an roṫ mór ag casaḋ. Bím tuirseaċ go minic
aċ ní ṫugann an muilneoir sos dom. "Cas
leat," adeireann sé, "go mbeiḋ an t-arḃar
meilte agat."
Imṫiġim liom annsan go sroisim an ḟairrge.
Nuair a ċíonn an ḟairrge mé osclann sí a béal
mór agus slogann sí siar mé.
|