"Beiḋ sciaṫáin orainn go léir i gceann cúpla bliaḋain eile," arsa Seáinín oiḋċe aṁáin. "Cé duḃairt é sin leat ?" arsa Daid. "An múinteoir aduḃairt é indiu," arsa Seáinín. "Duḃairt sé go mbeimíd ábalta eitilt go Meiricá ċun ár gcáirde d' ḟeicsint.