fanann an t-uisce ró-ḟada, is eaḋ fásann
an té."
"Agus cad é an sórt plannda é ?" arsa Úna.
"Tor timċeall ceiṫre troiġṫe ar aoirde is
eaḋ an té-ṗlannda," arsa Mam. "Fásann a
lán duilleog beag ar an bplannda san.
Bailiġtear na duilleoga trí huaire sa ḃliaḋain.
'Siad na mná agus na páistí a ḃailiġeann iad.
Leigtear dóiḃ éirġe tirm. Cuirtear tré
inneal iad ċun a taise a ḃaint asta.
Cuirtear an té i mboscaí annsan agus dúntar
go daingean iad. Is ins na boscaí sin a ṫagann
an té ċuġainne."
|