"Ní ḟeadar ar doṁan cad a ḋéanfainn gan
cupán té," arsa máṫair Úna, tráṫnóna aṁáin
tar éis an té. "Is deacair a ċreideaṁaint ná
raiḃ aon té aca in Éirinn go dtí cúpla céad
bliaḋain ó ṡoin."
"Agus cad a ḃíoḋ aca in ionad an té?"
arsa Úna.
"Ḃíoḋ bainne agus a lán deoċ eile aca,"
arsa a máṫair.
"Cad as a dtagann an té ċuġainn," arsa Úna.
"Ó'n India agus ó'n tSíolann," arsa a
máṫair.
"Sa tSín a d' ḟás an té ar dtúis."
"Cad 'na ṫaoḃ ná fásann té in Éirinn ?"
arsa Úna.
"Ní ḟásann sé aċ i dtíorṫa teo 'na mbíonn
báisteaċ go minic," arsa an ṁáṫair. "Tíorṫa
de'n tsórt san is eaḋ an India, na tSíolann
agus an tSín. Ar ċliaṫáin na gnoc, áit ná
|