gan laḃairt le héinne arís go deo. Mar sin
do leig sí uirṫi go raiḃ sí balḃ. Pósaḋ í le
prionnsa aċ ní raiḃ sí riaṁ sásta. Ṫeastuiġ
uaiṫi filleaḋ ar Éirinn.
Ḃí mac aici. Olaḃ an ainm a ḃí air. Do
laḃraḋ Maolcorca leis agus ṁúin sí an
Gaeḋilg dó.
Aċ ċuala a fear í ag cainnt lá. Ṁíniġ sí
an scéal dó annsan agus ḃí truaġ an doṁain
aige ḋi.
Nuair a ḃí Olaḃ oċt mbliana déag d' aois
ċuaiḋ sé ar cuairt go hÉirinn. Ḃí áṫas mór
ar a ṡean-aṫair é d'ḟeicsint agus an Ġaeḋilg
ḃlasta a ḃí aige a ċloisint.
Ba ṁaiṫ leis Olaḃ a ċoimeád in Éirinn aċ
ní ḟanfaḋ sé.
Ċuaiḋ sé ṫar nais go dtí a ṁáṫair. Ċuir
sí a lán ceist ċuige i dtaoḃ na hÉireann. Ḃí
áṫas uirṫi na scéalta a ḃí ag Olaḃ a ċloisint
aċ ḃí dúil aici i gcóṁnuiḋe filleaḋ ar Éirinn.
|