dar ndóiġ ní ḟéadfaimís eitilt gan sciaṫáin."
Ṗléasc Tomás ar ġáiriḋe.
"Ag tráċt ar eitealláin a ḃí an múinteoir,"
ar seisean. "Ní ṫuigeann Seáinín an scéal."
"A Ṡeáinín, ná feaca tú eiteallán go
minic ?" arsa Daid.
"Ċonnaic mé," arsa Seáinín.
"Sin é an rud a ḃí i gceist ag an múinteoir
indiu," arsa Daid. "Anois, an ḃfuil ḟios
agat cad a ċoimeádann ag gluaiseaċt tríd an
air é ?"
"Eitleann sé le ná ḋá sciaṫán ar nós éin,"
arsa Seáinín.
Ġair Daid.
"Níl an ceart agat," ar seisean. "Ċun é
ċoimeád socair atá na sciaṫáin air. Roṫ
guairneáin a ṫiomáineann é. I dtosaċ an
eitealláin a ḃíonn sé sin. Tá géaga air agus
bíonn sé ag síor-ċasaḋ."
"An mbíonn tiománaiḋe ann?" arsa Seáinín.
"Bíonn," arsa Daid, "an píolóid a tugtar
air."
"Níor ṁaiṫ liom-sa ḃeiṫ im' ṗíolóid," arsa
Seáinín. "Ḃeaḋ eagla orm."
"Ní ḃeaḋ eagla orm-sa," arsa Tomás, "agus
beiḋ mé im' ṗíolóid nuair a ḃeiḋ mé im' ḟear."
|