an róin ċoṁ maiṫ. Is mór an áis dóiḃ an rón.
Mar a duḃairt mé ċeana deineann siad cótaí
fionnaiḋ d'á ċroiceann. Ġeiḃeann siad ola
uaiḋ agus dóiġeann siad an ola san ins na
lampaí ċun solus a ṫaḃairt dóiḃ. Is leis an
ola san leis a niġeann siad a n-aiġṫe agus
a láṁa."
"An ḃfuil scoileanna aca ins na tíorṫa
san?" arsa Liam.
"Níl," arsa Taḋg, "agus ní ḟaġann siad aon
oideaċas aċ an oiread le muinntir na
hAfraice."
"Na créatúirí boċta," arsa Liam. "Naċ
mór an truaġ iad!"
"Is mór gan aṁras," arsa Taḋg, "aċ táid
sona sásta leo féin."
Ḋá ġé roiṁ gé,
Ḋá ġé i ndiaiḋ gé,
Gé idir ḋá ġé --
An mó gé á sin ?
Trí géanna.
|