Níl éinne in Éirinn ná ċuala tráċt ar
Ḃrian Boruṁa. Ḃí sé 'na Árd-Rí ar Éirinn
ó'n mbliaḋain 1002 go dtí an ḃliaḋain 1014.
Um an dtaca san ḃí Éire cráiḋte ag na
Loċlannaiġ. Dream fíoċṁar a ṫáinig go
hÉirinn ó ṫíorṫa eile a ḃí ionnta.
Ḃeartuiġ Brian iad a ruaigeaḋ as an dtír.
Ḃailiġ sé arm mór ċun caṫ a ċur orṫa. I
gCluain Tarḃ, láiṁ le Baile Áṫa Cliaṫ, a
troideaḋ an caṫ Aoine an Ċéasta 1014. Ba
ġráin le Brian dul ag troid an lá san, aċ
ní raiḃ aon dul as aige.
"Ḃí sé féin ró-aosta ċun troda aċ d'ḟan sé
'na ḃoṫán ag guiḋe.
Fuair na Gaeḋil an ḃuaiḋ ar na Loċlannaiġ.
Do ruaig siad rómpa isteaċ sa ḃfairrge iad.
An tráṫnóna san ḃí duine de sna Loċlannaiġ
ag riṫ ó'n gcaṫ. Ċonnaic sé Brian 'na ḃoṫán.
Do riṫ sé ċuige agus ṁairḃ sé é.
|