Ḃuail an fear an fuip san aer agus do riṫ
an capall as an ḃfáinne.
Ní túisce ḃí sé imṫiġṫe ná ḃuail an bodaċ
isteaċ. Ba ġreannṁar an feic é. Ḃí cóta
síoda go sála air agus gaċ daṫ fé'n ngréin air.
B'ait an caipín a ḃí air. Ḃí a ṡrón ċoṁ
dearg le rós. Ċrom sé ar a ċuid cleas d'imirt.
Do rug sé ar roṫar agus d'árduiġ sé ar a
smig é. Fuair sé leaṫ-dosaon pláta agus ċaiṫ
sé in áirde san aer iad. Ċeap Tomás go
mbrisfeaḋ sé gaċ pláta ḋíoḃ aċ do rug sé
orṫa go léir gan duaḋ.
Ṫug sé cúpla aṁrán grinn uaiḋ annsan agus
as go bráṫ leis ag siuḃal ar a láṁa.
Do riṫ moncaí mór gránda isteaċ sa ḃfáinne
annsan agus ḃuail sé fé ar stól. Ċroiṫ fear
an tsoircuis láṁ leis. "Ceist agam ort," ar
seisean leis an moncaí. "Cé hé an fear is
saiḋḃre annso ?" Do scríob an moncaí a
ċeann agus d'ḟéaċ sé 'na ṫimċeall. Annsin
ṡiuḃail sé caol díreaċ go dtí an áit 'na raiḃ
an máiġistir scoile, agus ṡín sé a láṁ 'na ṫreo.
Ċrom na daoine go leír ar ġáiriḋe. Ḃí náire
ar an máiġistir boċt agus deir Tomás ná
feaca sé mar sin é riaṁ ċeana.
|