Ḃí a lán suiḋeaċán ann agus iad socruiġṫe
i ḃfuirm fáinne. Is ar éigean a ḃí siad 'na
suiḋe nuair riṫ fear an tsoircuis isteaċ sa
ḃfáinne agus fuip 'na láiṁ aige. Cad a
riṫfeaḋ isteaċ annsan aċ capall bán agus
cailín 'na seasaṁ ar a ṁuin.
"Ó, tuitfiḋ sí," arsa Tomás, agus ċlúduiġ
sá a ṡúile le n-a láiṁ.
"Ní baoġal di," arsa Daid, "tá taiṫiġe
aici ar an ngnó san."
|