Do riṫ Tomás isteaċ ó'n scoil tráṫnóna
aṁáin agus é ar saoṫar.
"A Ṁam, beiḋ soircus ar an mbaile oiḋċe
Dé hAoine," ar seisean.
"Cé duḃairt é sin leat?" arsa Mam.
"Tá fógraí ar an fallaí á ráḋ go mbeiḋ sé
ann," arsa Tomás, "agus beiḋ moncaiṫe agus
capaillíní agus cleasaiḋṫe ann. An leigfiḋ
tú ann mé, a Ṁam?
"B'ḟéidir é," arsa Mam, "má ḃíonn tú
go maiṫ."
--- --- ---
B'ḟada le Tomás go dtáinig an Aoine. Ḃí
an soircus le tosnú ar a sé agus ḃí sé ullaṁ
uair a ċluig roiṁe sin. Ċuaiḋ Daid agus
Máire na ḟoċair. D'íoc Daid sé scillinge ag
an ngeata agus ḃuail an triúr aca isteaċ sa
ṗáirc.
|