"Anois," ars' an fear leis an moncaí, "cé
hé an garsún is leisceaṁla annso ?"
Ċá seasfaḋ an t-ainṁiḋe gránda aċ ós
cóṁair Ṫomáis amaċ ! Is beag ná fuair sé bás
leis an náire.
"Ha-há!" arsa Daid, "tá gaċ rud ar
eolas ag an moncaí sin."
Nuair ċuaiḋ siad aḃaile d'innis Tomás d'á
ṁáṫair i dtaoḃ na rudaí ngreannṁar a
ċonnaic siad.
Aċ ní duḃairt sé gur ṡeas an moncaí ós
a ċóṁair!
|