98 AESOP
“ B’ḟéidiɼ go ḃfuil an ceaɼt agat,” aɼſan
maċtíɼe, aguſ d’imṫiġ ſé.
Roinnt laeṫanta ’n-a ḋiaiḋ ſan ġaiḃ ſé an
tɼeo aiɼíſ. Ċonaic ſé an madɼa laiſtiġ
de’n doɼuſ.
“ Seaḋ,” aɼ ſeiſean, “ taɼ ċuġam amaċ
anſo fé maɼ a ġeallaiſ, go n-iṫead ṫu.
Iſ fíoɼ an ɼud a duḃɼaíſ. Taoí’nn tú ag
féaċaint go h-áluinn aguſ go feólṁaɼ indiu.
Iſ maiṫ a ḋeiniſ é gan leigint dom ṫú ḋ’iṫe
an lá eile úd.”
“ An aiɼiġean tú leat me ? ” aɼſan madɼa.
“ Nuaiɼ a ḃéaɼfiɼ am’ ċodla oɼm-ſa aiɼíſ
laſmuiċ de’n doɼuſ, ná fan leiſ an gcóiſiɼe.”
An Múine :
Seaċain-ſe aguſ ná bíoḋ dálṫa an ṁadɼa
úd oɼt. Ná tuiteaḋ do ċodlaḋ oɼt ſa n-áit
n-a ḃféadfiḋ do naṁaid teaċt a gan ḟioſ
oɼt. B’ḟéidiɼ náċ é gaċ aon ṁaċtíɼe a
ḋ’ḟanfaḋ leiſ an gcóiſiɼe an ċéad uaiɼ féin.
AN MADA-RUAḊ AGUS AN t-APA
Ḃuail an ḃeiɼt umá ċéile ſa ċoill lá fuaɼ.
D’ḟéaċ an t-apa aɼ an ſguaib ḃɼeáġ, ṁóɼ,
ḟada, ṫɼomaiḋe a ḃí laiſtiaɼ aɼ an mada-
ɼuaḋ, aguſ gan aon ɼud laiſtiaɼ aiɼ féin
idiɼ é aguſ an fuaċt.
“ Féaċ,” aɼ ſeiſean, “ a ṁada-ɼuaiḋ, tá
bɼeiſ ṁóɼ aguſ do ḋóiṫin ſa n-eaɼbal
ſan atá oɼt-ſa. Tá ſé ḋ’á ṫaɼang ſa
|