90 AESOP
MERCURÍ AGUS AN SIÚINÉIR
Ḃí ſiúinéiɼ ag teaċt ṫaɼ an aḃainn i mbád.
Do ṫuit a ṫuaġ iſteaċ ſa n-aḃainn uaiḋ. Ḃí
ſé cɼeaċta muɼa ḃféadfaḋ ſé an tuaġ
ḋ’ḟáġail ṫaɼ n-aiſ aſ an aḃainn. Do liúiġ
ſé aɼ Ṁeɼcuɼí an tuaġ ṫaḃaiɼt ċuige ainíoſ
aſ an aḃainn. Ṫáinig tɼuaġ ag Meɼcuɼí dó.
Ṫáinig ſé ċuige ſa ḃád.
“ Cáɼ ṫuit an tuaġ uait, a ḟiɼ ḃoiċt ? ” aɼ
ſeiſean.
Ṫaiſbeáin ſé an áit dó. Ċuaiḋ Meɼcuɼí
ſíoſ ſa n-uiſge aɼ ṁullaċ a ċinn aguſ ṫug
ſé leiſ ainíoſ tuaġ. Tuaġ óiɼ ab eaḋ í.
“ An í ſin do ṫuaġ ? ” aɼ ſeiſean.
“ Ó, ní h-í,” aɼſan feaɼ boċt. “ Tuaġ
óiɼ iſ eaḋ í ſin.”
Ċuaiḋ Meɼcuɼí ſíoſ aiɼíſ aguſ ṫug ſé leiſ
ainíoſ tuaġ eile, tuaġ aiɼgid.
“ An í ſin do ṫuaġ ? ” aɼ ſeiſean leiſ an
ſiúinéiɼ.
“ Ó, ní h-í, a ḋuine uaſail,” aɼſan ſiúinéiɼ.
“ Tuaġ aiɼgid iſ eaḋ í ſin.”
Ċuaiḋ Meɼcuɼí ſíoſ an tɼíṁad h-uaiɼ
aguſ ṫug ſé leiſ ainíoſ an tuaġ ċeaɼt, an
tuaġ iaɼainn a ṫuit ſíoſ.
“ An í ſin í ? ” aɼ ſeiſean.
“ Ó, iſ í go díɼeaċ, a ḋuine uaſail,” aɼſ an
ſiúinéiɼ.
“ Seo ḋuit í,” aɼſa Meɼcuɼí, “ aguſ ſeo
ḋuit an dá ċeann eile leiſ, maɼ iſ duine
fíoɼ macánta ṫu,” aguſ ẛín ſé ċuige na
tɼí tuaġana.
Do h-ínſeaḋ an ſgéal aɼ fuid na tíɼe.
|