A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 89
ḋ’ḟéadfinn mé féin a ċoſaint aɼ naṁaid,
fé maɼ a ḋeinean an taɼḃ, nú an fiaḋ. Dá
mb’ é an pocán féin é, féaċ an dá aḋaiɼc atá
aiɼ, ċóṁ móɼ ċóṁ bɼeáġ, aguſ é féin ċóṁ
beag. Ní’l oɼm-ſa aċ an dá ċluaiſ ṁóɼa
ſo’ dá leaḋb gan ṁaiṫ.”
“ Éiſt anoiſ,” aɼſan t-apa. “ Ní’l aon
ċúiſ ġeaɼáin agat ſeaċaſ maɼ atá agam-ſa.
Muɼa ḃfuil aḋaɼca oɼt, tá eaɼbal oɼt.
Féaċ an coɼ atá oɼm-ſa aguſ gan aḋaɼc ná
eaɼbal oɼm ! Tá ḋá ċluaiſ ḃɼeáġṫa ṁóɼa
oɼt, bíoḋ ná fuil aon ṁeaſ agat féin oɼṫa.
Nuaiɼ a ṫógan tú anáiɼde iad ba ḋóiċ
le h-aoinne guɼ ḋá aḋaiɼc iad. Dá mbeidíſ
oɼm-ſa ba ḋóiċ liom go mbeinn tógṫa leó.
Ní ḟéaċfaḋ mo ṗlaoiſgín ċóṁ maol aguſ
ḟéaċan ſé. Aguſ an t-eaɼbal ; ní ḟead-
aɼaíſ i n-aon coɼ cad é an compóɼd duit
an t-eaɼbal ſan a ḃeiṫ oɼt.”
Ḃí an caoċán ṫíoſ fé’n ḃfód aguſ é ag
éiſteaċt leiſ an mbeiɼt. Do laḃaiɼ ſé uaiḋ
ainíoſ leo.
“ Tá an iomad cainnte agaiḃ,” aɼ ſeiſean.
“ Tá ḋá ẛúil ṁaiṫa ag gaċ aoinne agaiḃ. Dá
mbeaḋ ſiḃ gan ſúile maɼ atáim-ſe iſ ɼó
ḃeag an ḃuaiɼt a ḋéanfaḋ aḋaɼca ná eaɼbal
daoiḃ.”
An Múine :
“ An luiḃ ná faġtaɼ iſ í ḟóiɼean.”
I n-ionad ḃeiṫ ag geaɼán maɼ ġeall aɼ
neiṫiḃ ná fuil agat, cuiṁniġ aɼ na neiṫiḃ
atá agat, aguſ bíoḋ áṫaſ oɼt maɼ ġeall oɼṫa,
aguſ bí buiḋeaċ de Ḋia a ṫug duit iad.
|