88 AESOP
oɼt. Tá a ḃfuil de ġadaɼaiḃ ſa ċóṁaɼſanaċt
ag ſtealla-ṁagaḋ fút ! ”
“ Tuigim iad go maiṫ,” aɼſa gaḋaɼ an
ḃluic, “ aguſ tuigim ṫuſa. Éad, lán ḃuɼ
gcinn d’éad, atá aɼ gaċ gaḋaɼ agaiḃ nuaiɼ ná
fuil bloc maɼ é ſeo fé n-a ḃɼáġaid féin
aige.”
An Múine :
Iſ móɼ an tɼuaġ an t-é ná h-aiṫniġean
an feaɼ ṫall ag magaḋ fé ; aċ ní’l aon
tɼuaġ aɼ an dtalaṁ ſo iſ mó ’ná an t-é
ná h-aiṫniġean é féin ag magaḋ féi féin.
Tá a lán daoine ſa tſaoġal aguſ tá
dálṫa an ġaḋaiɼ úd an ḃluic oɼṫa, go
cɼuinn díɼeaċ. An ɼud iſ náiɼe dóiḃ, iſ
dóiċ leo guɼ onóiɼ dóiḃ é ; aguſ an ɼud
do b’ onóiɼ dóiḃ, iſ dóiċ leo guɼ náiɼe
ġeóḃaidíſ d’á ḃáɼ. Aguſ, donaſ an ſgéil
aɼ fad, ní h-aon ṁaiṫ cóṁaiɼle a leaſa
ṫaḃaiɼt dóiḃ !
Iſ tɼuaġ ná féaċaimíd oɼainn féin amaċ
aſ ſúil duine eile!
“ An t-é ná múinean Dia ní ṁúinid
daoine é.”
AN t-ASAL, AGUS AN t-APA, AGUS AN
CAOĊÁN
Ḃí an t-aſal aguſ an t-apa, lá, ag cáſaṁ a
ndeacɼaí.
“ Náċ tɼuaġ an ſgéal agam-ſa é,” aɼſan
t-aſal, “ aguſ gan pioc deſ na h-aḋaɼcaiḃ
oɼm. Dá mbeaḋ aḋaɼca oɼm náċ bɼeáġ a
|