A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 87
aɼ ḃeiṫ ’ġá mbualaḋ aɼ gaċ aoinne ní fada
go ſeaċantaɼ é. Fanaid na daoine uaiḋ.
Fágtaɼ i n-a aonaɼ é. Bíon a ċaṫaiɼ gan
daoine aige. Ní ċɼeidean aoinne focal
uaiḋ. Bíon ſaoġal uaigneaċ aige. Anſan
cad é an taiɼḃe dó an ġaſtaċt go léiɼ ?
AN GAḊAR DROĊ-ṀIOTALAĊ
Ḃí gaḋaɼ ann aguſ ḃí ſé ana-ḋɼoċ-ṁiotalaċ.
Ní ḟéadaḋ aon ċóṁaɼſa teaċt ċun an tiġe
leiſ, ṫagaḋ a leiṫéid de ċoċall aiɼ ċuċa,
aguſ é i ɼioċt iad do ſtɼacaḋ aſ a ċéile dá
ḃfaġaḋ ſé gɼeim oɼṫa. B’éigean d’ḟeaɼ an
tiġe bloc maiṫ móɼ aḋmaid do ċeangal fé
n-a ḃɼáġaid, aɼ a ṁuineál, maɼ ċoſg aiɼ.
Nuaiɼ a fuaiɼ ſé an ɼud bɼeáġ móɼ ceang-
ailte maɼ ſin, ſuaſ fé n-a ḃɼáġaid, iſ aṁlaiḋ
a ċeap ſé guɼ maɼ ċóṁaɼṫa uaiſleaċta aguſ
onóɼa do cuiɼeaḋ aiɼ é. Ṫáinig áɼd-ṁeaſ
aige aiɼ féin láiṫɼeaċ, aguſ iſ aɼ éigin
ḟéaċfaḋ ſé i n-aon ċoɼ aɼ aon ġaḋaɼ eile,
ḃí ſé ċóṁ móɼ ſan oſ a gcionn, daɼ leiſ.
Ċonaic an ċuid eile an móɼ-iſ-fiú go léiɼ,
aguſ ḃí ana-ſpóɼt acu aiɼ. Ḃí ḟioſ acu go
maiṫ cad ċuige an bloc. Fé ḋeiɼe do laḃaiɼ
ſeana-ġaḋaɼ ciallṁaɼ a ḃí ann le madɼa an
ḃluic.
“ Féaċ,” aɼ ſeifean “ ná bí ag magaḋ fút
ſéin. Ní deaġ-ċlú a ṫugan an bloc ſan
duit, aċ dɼoċ-ainim. I n-ionad an ṁóɼ-
iſ-fiú iſ aṁlaiḋ ba ċeaɼt duit náiɼe ḃeiṫ
|