A TÁINIG GO H-ÉIRINN 91
D’aiɼig ſiúinéiɼ eile é. Ṫáinig ſé go poɼt na
h-aḃann. Ċaiṫ ſé iſteaċ ſeana-ṫuaġ a ḃí aige.
Anſan do ċɼom ſé aɼ lógóiɼeaċt. D’aiɼiġ
Meɼcuɼí é aguſ ṫáinig ſé ag tɼial aiɼ.
“ Cad ’tá oɼt, a ḋuine ḃoiċt ? ” aɼſa
Meɼcuɼí leiſ.
“ Ó, a ḋuine uaſail,” aɼ ſeiſean, “ mo
ṫuaġ do ṫuit ſa n-aḃainn uaim, aguſ cad
a ḋéanfad ? Cad a ḋéanfad i n-aon ċoɼ ? ”
“ Cáɼ ṫuit ſí iſteaċ uait ? ” aɼſa Meɼcuɼí.
Ṫaiſbeáin ſé an áit dó. Do léim Meɼcuɼí
ſíoſ aguſ ṫug ſé leiſ ainíoſ tuaġ óiɼ.
“ An í ſin do ṫuaġ ? ” aɼſa Meɼcuɼí.
“ Ó, iſ í go díɼeaċ ! ” aɼ ſeiſean, aguſ ẛín
ſé a láṁ ċun gɼeama d’ḟáġail uiɼṫi. Do
ṫaɼaing Meɼcuɼí ċuige í.
“ A ḃiṫeaṁnaiġ gan ċiall ! ” aɼ ſeiſean,
“ an aṁlaiḋ iſ dóiċ leat ná feicim an ɼud
atá iſtiġ ad’ ċɼoiḋe ? ” Aguſ d’imṫiġ ſé
aſ a ɼaḋaɼc láiṫɼeaċ.
Ċuaiḋ an ſiúinéiɼ ſin aḃaile gan a ṫuaġ
féin ná aon tuaġ eile aige.
An Múine :
Iſ maiɼg ná beaḋ ſáſta le n-a ċuid féin.
“ Ná leig do ẛúil ṫaɼ do ċuid.”
“ Iſ buaine an t-únán ’ná an t-anaiṫɼe.”
Iſ é ſin le ɼáḋ, iſ buaine únán na macán-
taċta ’ná anaiṫɼe na gaduiḋeaċta. Ní
leanan an t-anaiṫɼe aċ an ḟaid a leanan
an ḟeóil. Leanan an t-únán an ḟaid a
maiɼean an ḃó.
Ná caſ le bob a ḃualaḋ aɼ an Súil atá ag
féaċaint aɼ an ɼud atá iſtiġ ad’ ċɼoiḋe.
|