A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 85
An Múine :
“ Aɼ ſgáṫ a ċéile a ṁaiɼid na daoine.”
Lag aguſ láidiɼ, uaſal a’ſ íſeal.
Ná dein neaṁní de ċaɼadaſ aon duine,
bíoḋ an duine lag nú láidiɼ. An t-é iſ
luġa neaɼt, ní ḟeadaɼaíſ ná guɼ b’é iſ mó
ḟóiɼfaḋ oɼt i n-am do ġátaiɼ.
“ Taɼ a éiſ a tuigteaɼ gaċ beaɼt.”
AN FEAR FEASA
Ḃí an feaɼ feaſa i láɼ an aonaiġ, aguſ an
fioſ a ḋ’iaɼaḋ gaċ aoinne aiɼ ṫugaḋ ſé
ḋó é aċ díol aſ. Ḃí na daoine bailiġṫe
’n-a ṫímpal aguſ é ag tabaiɼt gaċ aon tſaġaſ
eóluiſ dóiḃ, aguſ ag fáġail an aiɼgid go
tiuġ. Do ɼiṫ feaɼ iſteaċ i n-a meaſg.
“ A ḟiɼ an ḟeaſa,” aɼ ſeiſean, “ tá do
ṫiġ tɼé ṫeine ! ”
Do ɼiṫ an feaɼ feaſa fé ḋéin a ṫiġe. Do
laḃaiɼ duine de’n ṁuíntiɼ a ḃí ag fáġail
an ḟeaſa uaiḋ aguſ ag díol aſ.
“ Iſ ait an ſgéal é,” aɼ ſeiſean. “ An
feaɼ ſan ag taḃaiɼt an ḟeaſa go léiɼ dúinne,
aguſ ní ɼaiḃ ḟioſ aige a ṫiġ féin a ḃeiṫ tɼé
ṫeine ! ”
An Múine :
Ní h-iad luċt an ḟeaſa aṁáin go mbíon an
ſgéal maɼ ſiúd acu go minic. An t-é iſ
feaɼɼ eóluſ aɼ ġnó an ḟiɼ ṫall iſ minic guɼ
b’ é ſin an t-é iſ luġa eóluſ aɼ a ġnó féin.
Bíon an dá ẛúil aige aɼ ṫiġ an ḟiɼ ṫall,
|