Ṫáinig ſí ċun na h-áite ’n-a ɼaiḃ an
tſnaiḋm bunaiḋ, an tſnaiḋm aɼ a ɼaiḃ na
ſnaiḋmeana eile go léiɼ ag bɼaṫ. Ċɼom ſí aɼ
an ſnaiḋm ſin do ġeaɼɼaḋ le n-a fiacalaiḃ.
Ḃí taiṫiġe aici aɼ an ſaġaſ ſan oibɼe. Taɼ
éiſ tamail do ḃog an tſnaiḋm. Ba ġeaɼɼ guɼ
ṫuit na ceangalaċa go léiɼ aſ a ċéile aguſ guɼ
ġluaiſ an león ag léimɼiġ aɼ fuid na coille.
“ Seaḋ ! ” aɼ ſeiſean. “ An ɼud náɼ ḟéad
mo neaɼt-ſa go léiɼ a ḋéanaṁ, do ḋein
fiacal na luiċe bige ſin é ! Aililiú ! Iſ maiṫ
an ḃail oɼm indiu, áṁṫaċ, náɼ ṁaɼḃuiġeaſ í
an lá úd a ḋúiſiġ ſí aſ mo ċodla me. Aguſ
féaċ maɼ a ḋ’ḟéad fiacal luiċíne bige ɼud a
ḋéanaṁ náɼ ḟéad neaɼt leóin a ḋéanaṁ ! ”
|