AN LEÓN AGUS AN LUIĊÍN
Ḃí an lá bɼoṫalaċ, aguſ ḃí tuiɼſe aguſ
codla aɼ an león. Do ẛín ſé ag bun
caɼaige, aguſ ba ġeaɼɼ go ɼaiḃ ſé ’n-a
ċodla go ſáṁ. Ṫáinig na luċaiġ amaċ ſa
ḃɼoṫal aguſ ḃíodaɼ ag daṁaſ i n-a ṫímpal.
Cuaiḋ luiċín acu ɼó ċóṁgaɼaċ d’á ḃéal i
dtɼeo guɼ ḋúiſiġ ſí é aſ a ċodla. Ḃuail
ſé lapa uiɼṫi, aċ níoɼ luiġ ſé uiɼṫi puinn.
“ Ó, a ɼí onóɼaiġ,” aɼ ſiſe, “ ná maiɼḃ
me ! Ní h-aon ġaiſge dot’ onóiɼ ɼuidín
ċóṁ ſuaɼaċ liom-ſa do ṁaɼú. Leig m’anam
liom aguſ cúiteóċad leat é lá éigin ! ”
Ċuiɼ ſé ſgeaɼtaḋ gáiɼe aſ, aguſ ṫóg ſé
an lapa ḋi.
“ Táim ana-ḃuiḋeaċ díot, a ɼí,” aɼ ſiſe,
“ aguſ go deiṁin ní ḟágfad an deiġ-ġníoṁ
gan cúiteaṁ leat ! ”
Níoɼ ḋein ſé aċ gáiɼe eile ċuɼ aſ aguſ
ſíne aiɼíſ. D’imṫiġ an luiċín.
Tamal i n-a ḋiaiḋ ſan do ṫáɼla go ɼaiḃ an
león ag gaḃáil tɼíd an gcoill aguſ guɼ
ɼugaḋ aiɼ i líontaiḃ a cuiɼeaḋ ann d’aon
ġnó ċun beiɼṫa aiɼ. Nuaiɼ a fuaiɼ ſé go
|