82 AESOP
Ċonaic ſé an fiaḋċat aguſ an beiṫiɼ
i n-aonḟeaċt ag ſúil-ḟéaċaint aɼ an gceaṫɼa-
ṁain eile aguſ iad ag toſnú aɼ ḋɼann-
tú ċun a ċéile. Dɼuid ſé anonn aguſ ḃuail
ſé lapa aɼ an gceaṫɼaṁain ſin.
“ Iſ liom-ſa an ċeaṫɼaṁaḋ ſo,” aɼ ſeiſean ;
“ mo ċion de’n tſeilg. Aguſ iſ liom an
píoſa eile ſeo,” aɼ ſeiſean, “ mo ḋualgaſ
ɼí. Aguſ i dtaoḃ an ṗíoſa ḋeiɼeannaig
ſeo,” aɼ ſeiſean, “ tógfad féin é, maɼ tá
ḟioſ agam naċ móɼ liḃ dom é. Má tá
aoinne agaiḃ guɼ móɼ leiſ dom é ní’l aige
aċ laḃaiɼt,” aguſ d’ḟéaċ ſé ſa tímpal oɼṫa
aguſ ċonacadaɼ an dɼoċ-ẛeaſaṁ i n-a
ſúilib.
Níoɼ laḃaiɼ aoinne acu.
An Múine :
“ Roinnt na cailliġe maɼ iſ áil léi
féin é.”
Ná dein comɼádaiḋeaċt le daoine iſ tɼeiſe
’ná ṫu, nú ġeóḃaiɼ “ ɼoinnt na cailliġe.”
Nuaiɼ adeiɼ an ɼí, “ dá mb’áil leat é
ḋéanaṁ,” iſ ionan ſan aguſ “ Ní foláiɼ
duit é ḋéanaṁ.”
Tugtaɼ úṁluiḋeaċt do’n láṁ-láidiɼ, aċ
úṁluiḋeaċt ḃɼéagaċ iſ eaḋ í. Úṁluiḋeaċt
a ġeaɼɼfaḋ ſgóɼnaċ iſ eaḋ í go minic.
|