80 AESOP
AN CAT AGUS NA LUĊAIĠ
Ḃí muíntiɼ an tiġe ciapaiṫe ag luċaiġ. Do
ẛoláṫɼuiġeadaɼ cat. Cat maiṫ ab eaḋ é.
Ní ɼaiḃ aon oiḋċe ná h-iṫeaḋ ſé cuid ṁaiṫ
deſ na luċaiġ. Nuaiɼ a ṫuig na luċaiġ go
ɼaiḃ an díſgiú ḋ’á ḋéanaṁ oɼṫa ċuadaɼ
i gcóṁaiɼle, féaċaint cad ba ċeaɼt a ḋéanaṁ.
Do ſocaɼuiġeaḋ aɼ gan aon luċ do ṫeaċt ní
b’ íſle ’ná an cláɼ uaċtaɼaċ aon oiḋċe feaſta.
Ní ɼaiḃ aɼ ċumaſ an ċait dul ċóṁ h-áɼd leiſ
an gcláɼ uaċtaɼaiġ, aguſ níoɼ ḟéad ſé
bɼeiṫ aɼ a ṫuille deſ na luċaiġ. Ḃí
ocɼaſ aiɼ. Ċuiṁniġ ſé aɼ ẛeift. Ḃí bacán
i gceann deſ na cláɼaċaiḃ iaċtaɼaċa. Do
ċeangail ſé a ċoſa deiɼiḋ ſa ḃacán, aguſ do
leig ſé d’á ċeann aguſ d’á ċaḃail ḃeiṫ aɼ
ſileaḋ ſíoſ i dtɼeo guɼ ḋóiċ le duine go
ɼaiḃ ſé maɼḃ aguſ go ɼaiḃ ſé aɼ cɼoċaḋ aſ
a ċoſaiḃ deiɼiḋ. Conaic na luċaiġ é.
“ Ó,” aɼ ſiad, “ tá ſé maɼḃ ! Tá ſé maɼḃ !
Téanam ſíoſ anoiſ aɼ na cláɼaċaiḃ eile go
n-iṫeam áɼ ndóiṫin.”
“ Fanaiḋ go fóil,” aɼſa ſeana-luċ a ḃí
oɼṫa, aguſ d’féaċ ſí ſíoſ aɼ an gcat aguſ
é aɼ cɼoċaḋ aſ an mbacán.
“ Taoi’nn tú anſan, a ɼopaiɼe ! ” aɼ ſiſe.
“ Má taoi’nn tú maɼḃ iſ maiṫ an ſgéal é.
Ní ḟeadaɼ an doṁan. B’ḟéidiɼ go ḃfuil-
ean tú maɼḃ, aċ am’ ṫaoḃ-ſa ḋe dá mbei-
fá ċóṁ maɼḃ le h-Aɼt ní ḃeaḋ aon iontaoiḃ
agam aſat. Ní ḃeaḋ aon iontaoiḃ agam
aſat dá mba ná ḃeaḋ ann aċ do ċɼoicean
aguſ é ſtupaiṫe le tuiġe, féaċ ! ”
|