An Múine :
Dein aon ġnó aṁáin aguſ dein go maiṫ é,
aguſ bí ’ġá ḋéanaṁ i gcóṁnuiḋe, aguſ ná
bí ag ɼiṫ ó ġnó go gnó.
Iſ feaɼɼ aon ġnó aṁáin a ḋ’eiɼeóċaiḋ le
duine ’ná ḋá ġnó ḋéag a ċaillfiḋ aiɼ.
Ná dein maoiḋeaṁ aſ do ġníoṁ go dtí go
ḃfeicfaɼ do ġníoṁ. Anſan ní gáḋ ḋuit an
maoiḋeaṁ a ḋéanaṁ. Déanfiḋ an gníoṁ
féin é.
|