AN MADA-RUAḊ AGUS AN CAT
Do ṫáɼla mada-ɼuaḋ aguſ cat, lá, ag
ſiuḃal tɼé ċoill. Ḃíodaɼ ag tɼáċt aɼ ġaḋaɼ-
aiḃ aguſ aɼ conuſ ab ḟéidiɼ dul uaṫa.
“ Ní’l aon ḃeann agam-ſa oɼṫa maɼ ġadaɼ-
aiḃ,” aɼſan mada-ɼuaḋ. “ Ní’l aon ċuma
’na ḃféadfidíſ teaċt aɼ mo ṫóiɼ ná fuil
aɼ mo ċumaſ dul uaṫa le cleaſ.”
“ An ’mó cleaſ atá agat? ” aɼſan cat.
“ Ní ḟéadfinn iad a ċóṁaiɼeaṁ duit,” aɼ
ſeiſean, “ tá oiɼead ſan agam díoḃ. An ’mó
cleaſ atá agat féin ċun dul uaṫa ? ” aɼ ſeiſean.
“ Ní’l agam, foɼaoiɼ,” aɼ ſiſe, “ aċ an
t-aon ċleaſ aṁáin.”
“ Aguſ má ṫeipeann an cleaſ ſan cad a
ḋéanfiɼ ? ” aɼſan mada-ɼuaḋ.
“ Andaiġ,” aɼ ſiſe, “ aċ má ṫeipeann an
cleaſ ſan táim-ſe ɼéiḋ.”
“ Aċ, mo ṫɼuaġ ṫu ! ” aɼ ſeiſean.
Le n-a linn ſin d’aiɼiġeadaɼ glam na
ngaḋaɼ a ḃí ag teaċt aɼ ſaoṫaɼ. Do ſgiúɼd
an cat ſuaſ cɼann aguſ ẛuiḋ ſí ṫuaſ aɼ
ċeann deſ na géagaiḃ uaċtaɼaċa ag faiɼe
aɼ an ſpóɼt. Do ċɼom an mada-ɼuaḋ aɼ
a ċuid cleaſ go léiɼ a ḋ’imiɼt. D’eiɼiġ
leiſ aɼ feaḋ aḃfad, aċ fé ḋeiɼe do ɼugaḋ
|