A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 75
Do lean an biṫeaṁnaċ é a gan ḟioſ dó.
Ċonaic ſé ag oſgailt an ṗuill é aguſ ag
féaċaint aɼ ɼud éigin a ḃí ṫíoſ ſa ṗoll.
Ċóṁ luaṫ aguſ ḃí ſé imṫiġṫe ṫáinig an
biṫeaṁnaċ aguſ d’oſgail ſé an poll. Do
ɼug ſé leiſ an ċnapóg óiɼ.
“ Iſ móɼ an tɼuaġ an t-óɼ ſo ḃeiṫ díoṁaoin
anſo,” aɼ ſeiſean.
Amáɼaċ a ḃí ċuġainn ṫáinig an feaɼ aiɼíſ
ċun an ṗuill, maɼ ba ġnáṫ. D’oſgail ſé
an poll. Ḃí an ċnapóg imṫiġṫe ! Ḃuail
ſé a ḋá ḃaiſ aguſ ċaſ ſé an dá ologón déag.
D’aiɼiġ cóṁaɼſa é.
“ Cad é ſin oɼt, aiɼiú ? ” aɼſan cóṁaɼſa
leiſ.
“ Ó ! ” aɼ ſeiſean, “ táim cɼeaċta, táim
cɼeaċta, táim cɼeaċta ! ” Aguſ d’iniſ ſé
ḋó i dtaoḃ na cnapóige.
“ ’Neóſfad-ſa ḋuit cad a ḋéanfiɼ,”
aɼſan ċóṁaɼſa. “ Aimſiġ cloċ ṁaiṫ ṁóɼ,
ċóṁ móɼ leiſ an gcnapóig óiɼ a ḃí agat.
Cuiɼ an ċloċ ſíoſ ſa ṗoll ſan, aguſ abaiɼ
leat féin guɼ b’ í an ċnapóg óiɼ í. Beiḋ
oiɼead taiɼḃe agat aſ an gcloiċ aguſ ḃí
agat aſ an óɼ.”
An Múine :
Ní’l aoinne iſ dealḃa ’ná an boċtán ſaiḋ-
ḃiɼ. Bíon taɼt aiɼ aguſ bíon ocɼaſ aiɼ
aguſ bíon fuaċt aiɼ, aguſ bíon eagla na
mbiṫeaṁnaċ aiɼ. Aguſ ní ḃíon tɼuaġ ag
aoinne ḋó. Ní ḃíon blúiɼe de ḃáɼ an
tſaidḃɼiſ aige, aɼ an ſaoġal ſo ná aɼ an
ſaoġal eile.
|