74 AESOP
ḋuit-ſe,” aɼſan león, “ aguſ gan eóluſ aige
féin aiɼ ? ”
“ ’Sdó, ſin é díɼeaċ a ṁúin me,” aɼſan
mada-ɼuaḋ. “ Ḋein ſé deaɼṁad aguſ ḋíol
ſé aſ, oſ cóṁaiɼ mo ẛúl. B’olc uaim dá
ndeininn dom féin láiṫɼeaċ i n-a ḋiaiḋ an
botún a ḋein ſeiſean dó féin.”
An Múine :
Ná cuiɼ ṫu féin i gcomóɼtaſ le ɼí, muɼa
ɼí ṫu.
Ná h-éiliṁ do ċeaɼt
Go ḃfeiciɼ do neaɼt.
AN BOĊTÁN AGUS A ĊUID ÓIR
Ḃí feaɼ ſaiḋḃiɼ ſanntaċ ann uaiɼ aguſ
ḃí áɼd-ḋúil i n-óɼ aige. Ḃí feiɼm ṁóɼ
ſaoɼ aige. Ḋíol ſé an ḟeiɼm aguſ fuaiɼ ſé
móɼán óiɼ uiɼṫi. Do leaġ ſé an t-óɼ i
dtɼeo guɼ ḋein ſé aon ċnapóg aṁáin de.
Anſan ḋein ſé poll ſa talaṁ i n-áit uaig-
neaċ aguſ ċuiɼ ſé an ċnapóg ṁóɼ óiɼ ſíoſ
ſa ṗoll. Ṫagaḋ ſé gaċ aon lá ċun na
h-áite ag féaċaint aɼ an gcnapóig óiɼ.
Ba ṁóɼ an ſáſaṁ aigne leiſ an ċnapóg a
ḋ’ḟeiſgint le n-a ẛúiliḃ.
Ċonaic biṫeaṁnaċ é ag dul gaċ aon lá
ċun na h-áite.
“ Daɼ fiaḋ,” aɼſan biṫeaṁnaċ, i n-a aigne
féin, “ aċ tá ɼud éigin i ḃfolaċ aige ſiúd
ſa n-áit úd. Ní móɼ ḋom ḟáġail amaċ cad
é an ɼud é.”
|