A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 73
fuaṫ aguſ mioſcaiſ eadɼaiḃ, aguſ má ṫugan
ſiḃ dɼuim láṁa le n-a ċéile, ġeóḃfaɼ an
láṁ uaċtaiɼ láiṫɼeaċ oɼaiḃ.”
An Múine :
“ Iſ maol-ḋualga gan ḃɼáṫaiɼ, aċ iſ maiɼg
a ḃíon gan deaɼḃɼáṫaiɼ.”
AN tSEILG
D’imṫiġ león aguſ aſal aguſ mada-ɼuaḋ
amaċ ag fiaḋaċ, lá. B’é an maɼgaḋ an
tſeilg do ḃeiṫ ’na tɼí tɼeanaiḃ eataɼṫa um
ṫɼáṫnóna. Ṁaɼḃuiġeadaɼ fiaḋ. Duḃaiɼt an
león leiſ an aſal an tſeilg do ɼoinnt. Do
ḋein an t-aſal tɼí tɼeana de’n ḟiaḋ. Ní
túiſge ċonaic an león an ɼoinnt ſin ’ná do
ɼug ſé aɼ an aſal aguſ ṁaiɼḃ ſé é. “ Roinn-ſe
an tſeilg,” aɼſan león leiſ an mada-ɼuaḋ.
“ Ní’l aċ beiɼt againn anſo anoiſ,” aɼſan
mada-ɼuaḋ. “ Ní’l le déanaṁ de’n tſeilg aċ
dá ċuid. Bíoḋ an coɼpán agat-ſa aguſ beiḋ
an ceann agam-ſa.” Do ṫaiṫn ſan leiſ an
león. Ḃí ocɼaſ aiɼ aguſ ḃeaḋ béile ṁaiṫ
aige.
Aɼ ball nuaiɼ a ḃí a ḋóiṫin iṫte aige
aguſ an mada-ɼuaḋ ag glanaḋ an ṗlaoiſg,
do laḃaiɼ ſé.
“ Cé ṁúin duit,” aɼ ſeiſean leiſ an
mada-ɼuaḋ, “ conuſ ſeilg do ɼoinnt ? ”
“ Do ṁúin an t-aſal ſan ṫall,” aɼſan
mada-ɼuaḋ.
“ Conuſ ḟéadfaḋ ſé ſin ɼud a ṁúine
|