72 AESOP
AN DÓRNÁN SLAT
Ḃí feaɼ ann aguſ ḃí cúigeaɼ nú ſeiſeaɼ
mac aige aguſ ḃídíſ coitċianta ag bɼuiġean
aguſ ag aċɼan aguſ ag tɼoid le ċéile, i
dtɼeo go ɼaiḃ an duine boċt ciapaiṫe
acu.
Ġlaoḋaiḋ ſé ċuige oɼṫa lá aguſ ṫaiſbeáin ſé
dóɼnán ſlat dóiḃ aguſ é ceangailte le gad.
Duḃaiɼt ſé leo, an t-é ḟéadfaḋ an dóɼnán
do ḃɼiſeaḋ ’n-a ḋá leaṫ tɼeaſna, go ḃfágfaḋ
ſé a ċuid aige ag dul ċun báiſ dó.
Do ɼug duine acu aɼ an ndóɼnán. Do
lúb ſé é aguſ do ċaſ ſé é, aċ do ṫeip aiɼ
é ḃɼiſeaḋ. Do ɼug duine eile acu aiɼ
aguſ ċuiɼ ſé aɼ a ġlúin ċuige é, aguſ do
lúb ſé é, aċ do ṫeip aiɼ é ḃɼiſeaḋ. Do ɼug
an tɼíṁaḋ duine aiɼ aguſ ċuiɼ ſé fé n-a
ċoiſ aɼ an dtalaṁ é, aċ má ċuiɼ, do
ṫeip aiɼ é ḃɼiſeaḋ. Do ṫeip ſé oɼṫa go
léiɼ.
Anſan do ɼug an t-aṫaiɼ aɼ an ndóɼnán
aguſ do ſguɼ ſé an gad aguſ do ḃɼiſ ſé
gaċ ſlat fé leiṫ.
“ Féaċ, a ċlann ó,” aɼ ſeiſean. “ Iſ cuma
ſiḃ-ſe nú an dóɼnán ſlat ſan. An ḟaid a ḃí
an gad aɼ an ndóɼnán aguſ na ſlata dlúiṫte
aɼ a ċéile níoɼ ḃ’ ḟéidiɼ iad do ḃɼiſeaḋ.
Aċ nuaiɼ a ſguɼaḋ an gad aguſ do ſgaɼaḋ
na ſlata le n-a ċéile ní ɼaiḃ aon ḃac aɼ
aoinne iad do ḃɼiſeaḋ ’n-a gceann a’ſ ’n-a
gceann. Sin é an úḋálta agaiḃ-ſe. An ḟaid
a ċuiɼfiḋ ſiḃ le ċéile ní ḟéadfiḋ aoinne an
láṁ uaċtaiɼ d’ḟáġail oɼaiḃ, aċ má ṫagan
|