A TÁINIG GO H-ÉIRINN 71
AN SLIAḂ I DTEINNEAS
Ḃí ſliaḃ i dtíɼ éigin iaſaċta aguſ d’aiɼiġ
na daoine, lá, foṫɼam aguſ búiɼṫeaċ uaṫ-
ḃáſaċ ag teaċt aſ, aguſ é ḋ’á luaſgaḋ aguſ
ḋ’á lúbaḋ maɼ ḃeaḋ ɼud go mbeaḋ pian aiɼ.
Do ɼiṫeadaɼ na daoine go léiɼ féaċaint
cad a ḃí ag imṫeaċt aɼ an ſliaḃ nú cad fé
ndeaɼ an t-éiɼleaċ. Do ḃuail aoḋaiɼe úmpa
aguſ é ag teaċt ó’n ſliaḃ. “ Cad fé ndeaɼ
an t-éiɼleaċ ? ” aɼ ſiad, “ nú cad ’tá aɼ an
ſliaḃ ? ” “ Tá teinneaſ aɼ an ſliaḃ,” aɼ
ſeiſean, aguſ d’imṫiġ ſé.
D’ ḟanadaɼ-ſan ag féaċaint aɼ an luaſgaḋ
aguſ ag éiſteaċt leiſ an mbúiɼṫeaċ.
Aɼ ball do léim luċ amaċ a’ poll a
ḃí i dtaoḃ an ċnuic aguſ do ſtad an
ċaiſmiɼt.
“ Oċ ón ! ” aɼſa cáċ. “ Foṫɼam móɼ aɼ
ḃeagán cúiſe ! ”
An Múine :
Ná dein “ móɼán cainnte aɼ ḃeagán
cúiſe.”
Ná bíoḋ “ deataċ móɼ aſ dɼoċ-ṫeine ”
agat.
Ná bíoḋ “ an focal móɼ aguſ an gníoṁ
beag ” agat.
Ná bíoḋ glóɼ leóin aguſ cɼoiḋe loin
agat.
|