70 AESOP
AN PRÉAĊÁN AGUS AN CRÚSCA
Ḃí ſaṁɼaḋ bɼoṫalaċ tiɼim ann. Ḃí an
talaṁ i n-a ḃalc, an féaɼ i n-a ẛnuíſ, an iṫiɼ
i n-a ceó, an ġɼian ag ſgoltaḋ na gcɼann,
aguſ “ an pɼéaċán ag cuɼ a ṫeangan amaċ ”
le neaɼt gealáin aguſ bɼoṫail.
Ḃí aon ṗɼéaċán aṁáin ag gluaiſeaċt tɼíd
an ſpéiɼ aguſ é i ɼoċtaiḃ tuitim ċun tailiṁ
le taɼt.
Ċonaic ſé cɼúſca aɼ ṫaoḃ bóṫaiɼ. Siúd
anuaſ é féaċaint an ɼaiḃ uiſge ſa ċɼúſca.
Ḃí ſcɼugal caol aɼ an gcɼúſca. D’ḟéaċ
an pɼéaċán ſíoſ ann. Ċonaic ſé an t-uiſge
ṫíoſ aċ ḃí an ſcɼugal ɼó caol aguſ ní
ḟéadfaḋ ſé a ċeann do ċuɼ ſíoſ.
Ċuiɼ ſé ċun an cɼúſca do leagaḋ aċ
ní ḟéadfaḋ ſé filleaḋ ná feacaḋ ḃaint aſ.
Ḃí ſé i gcɼuaḋ-ċáſ. Ba ṫɼuaġ an ſgéal
é. É i ndeiɼe an anma le taɼt aguſ an
t-uiſge anſúd oſ cóṁaiɼ a ẛúl dá ḃféadaḋ
ſé teaċt aiɼ.
D’ ḟéaċ ſé ’n-a ṫímpal. Ḃí gaiɼḃéal leaṫta
aɼ an mbóṫaɼ. D’imṫiġ an ṗɼéaċán aguſ
ċɼom ſé aɼ na cloiċíní beaga do ṗiocaḋ
aguſ do ṫaḃaiɼt leiſ i n-a ġob aguſ do
ċaiṫeaṁ iſteaċ ſa ċɼúſca. Níoɼ ḃ’ḟada guɼ
ṫáinig an t-uiſge ainíoſ aguſ guɼ ól ſé a
ḋóiṫin.
An Múine :
“ Iſ cuma nú muc duine gan ſeift.”
“ An t-é ná fuil láidiɼ ní foláiɼ dó ḃeiṫ
glic.”
|