A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 69
ſáſtaċt aigne, go dtí guɼ baineaḋ an t-ualaċ
ſan díom. Ċeapaſ guɼ ċeaɼt dom an ſgéal
d’ínſint daoiḃ-ſe.”
Do ſtad ſé. D’ eiɼiġ ſean-ṁada-ɼuaḋ
ṫall aguſ ċuiɼ ſé caſaċtaċ ḃeag aſ. D’ ḟéaċ
ſé ’n-a ṫímpal aguſ ſult i n-a ẛúiliḃ. “ Iſ
aṁlaiḋ maɼ atá an ſgéal agam-ſa,” aɼ ſeiſean,
“ tá an tſean-ſguab ſo le fada laiſtiaɼ
oɼm,” aguſ d’ḟéaċ ſé ſiaɼ uiɼṫi, “ aguſ níoɼ
ḃain aon ġaḋaɼ oiɼead aguſ ɼibe fóſ aiſti.
Iſ dóiċ liom guɼ móɼ an ḟoiṫin í ſa duḃ-
luaċaiɼ. Ba ḋóiċ liom dá mbainfí ḋíom
í guɼ ḃ’aṁlaiḋ a ḃeaḋ gaċ aoinne ag féaċaint
oɼm a d’iaɼaiḋ a ḋéanaṁ amaċ cé ’cu mada-
ɼuaḋ me nú banaḃ muice. Má ɼáiniġean,
aḃfad uainn an t-olc ! tɼap nú inniol nú
fiacal gaḋaiɼ ’ġá baint díom, iſ móɼ an
ſáſaṁ aigne liom a ḟioſ do ḃeiṫ agam uait-ſe
go ḃfuil na maiṫaſaí úd go léiɼ am’ ċóiɼ.
Go dtí ſan iſ dóiċ liom go ndéanfad ſeift
aɼ ċuɼ ſuaſ le n-a h-ualaċ.”
Níoɼ leigeaḋ a ṫuille cainnte aſ, d’eiɼiġ
a leiṫéid ſin d’ uail ġáiɼiḋe móɼṫímpal an
leaſa.
An Múine :
Má ḃíon dálṫa an ṁada-ɼuaiḋ ṁaoil oɼt
ná bí a d’iaɼaiḋ daoine eile ḋéanaṁ ċóṁ
dona leat féin. Táid daoine aguſ iſ ḃeag
ná guɼ ċuma leo cad é an donaſ a ḃeaḋ
oɼṫa féin aċ go mbeaḋ donaſ ċóṁ móɼ
leiſ aɼ ḋuine éigin eile. Seaċain iad. Ní
maiṫ an aɼa iad.
|