68 AESOP
maiṫ le fáġail oɼṫa. Tá eaɼbal aɼ an
ḃfɼanncaċ, aguſ má ṫéiḋean leiſ imṫeaċt
ó’n ſtáca aguſ a ċeann do ẛáḋ i bpoll, iſ
minic go ḃfanan an t-eaɼbal laſmuiċ de’n
ṗoll, aguſ go mbeiɼteaɼ aiɼ, aguſ go
dtaɼangṫaɼ an fɼanncaċ amaċ aſ an bpoll
aguſ go mbuailteaɼ buille d’á ċeann aɼ
an gcloiċ, ɼud náɼ ḃ’ ḟéidiɼ a ḋéanaṁ muɼa
mbeaḋ an t-eaɼbal. Ní’l aḋaɼc ná eaɼbal
aɼ ġioɼḟiaḋ, aguſ tá a ɼian aiɼ, téiḋean ſé
aſ ċoiḋċe do dtí go mbeiɼteaɼ aɼ ċaḃail aiɼ.
Tá ſé buailte iſteaċ am’ aigne, aguſ
deiɼim go láidiɼ é, guɼ ’mó mada-ɼuaḋ
maiṫ atá iṫte ag gaḋaɼaiḃ le bliaḋain, aguſ
do ḃeaḋ anſo beo i n-áɼ meaſg indiu, muɼa
mbeaḋ an t-eaɼbal. Ḃíoḋ na neiṫe ſeo ag
teaċt am’ aigne go minic aḃfad ſaɼ aɼ baineaḋ
an t-eaɼbal díom féin, aċ ó ſgaɼaſ leiſ an
ualaċ iſeaḋ ṫuigim an ſgéal i gceaɼt. Deiɼim
gan aṁɼaſ aon ṁada-ɼuaḋ do ḃainfaḋ an
t-eaɼbal de féin guɼ luaſ ɼeaṫa ḋó é, guɼ
ſgaɼaṁaint le h-ualaċ dó é, guɼ ċompóɼd
ſuiḋte ḋó é, guɼ luiġead aɼ a ċontaḃaiɼt ó
ġaḋaɼaiḃ é, aguſ guɼ ḃ’ ḟaid aɼ a ẛaoġal é.
Iſ ċuige ṫugaſ anſo ſiḃ ċun na neiṫe ſin do ċuɼ
oſ ḃuɼ gcóṁaiɼ. Aon ṁada-ɼuaḋ guɼ maiṫ
leiſ ſaoġal fada, ſaoġal ſuaiɼc compóɼdaċ
do ḃeiṫ aige, ċóṁaiɼleóċainn dó an t-ualaċ
eaɼbail ſin do ḃaint de féin láiṫɼeaċ. Iſ
dóṁ-ſa iſ ceaɼt an ċóṁaiɼle ſin do ṫaḃaiɼt
uaim maɼ tá fioſ dá ṫaoḃ an ſgéil agam ó
baineaḋ an t-eaɼbal díom féin. Ní ɼaiḃ a
ḟioſ agam ɼiaṁ i gceaɼt cad a ḃain le
compóɼd ná le h-éaſgaċt ſiuḃail, ná le
|