AN T-UAN AGUS AN MAĊTÍRE
Ḃí an lá ana-ḃɼoṫalaċ. Ḃí an ſɼuṫán ag
ɼiṫ go ceólṁaɼ le fánaiḋ an ġleanna. Ḃí
taɼt aɼ an uan aguſ ṫáinig ſé go bɼuaċ an
tſɼuṫáin ċun diġe ḋ’ol. Le n-a linn ſin ṫáinig
an maċtíɼe, tamal ſuaſ ó’n áit i n-a ɼaiḃ
an t-uan, aguſ ḃí ſé ag ól diġe. Ċonaic ſé
an t-uan. Do laḃaiɼ ſé.
“ Gɼeadaḋ ċuġat, a ɼud ẛalaiġ,” aɼ ſeiſean,
cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ag ſailiú an uiſge
oɼm ? ”
“ Gaḃaim páɼdún agat, a ḋuine uaſail,”
aɼſan t-uan, “ ní ḟéadfinn-ſe an t-uiſge
ẛailiú oɼt-ſa, maɼ iſ anuaſ uait-ſe ċuġam-
ſa atá an ſɼuṫán ag ɼiṫ.”
“ Iſ cuma ſan,” aɼſan maċtíɼe, “ muɼa
ḃfuilean tú ag ſailiú an uiſge anoiſ oɼm
ḃíſ ag cúl-ċainnt oɼm aguſ ag tɼomaiḋeaċt
oɼm le d’ṁáṫaiɼ, bliaḋain ’ſ lá amáɼaċ.”
“ Gaḃaim páɼdún agat aiɼíſ, a ḋuine uaſ-
ail,” aɼſan t-uan, aguſ ſgannɼa ag teaċt
aiɼ nuaiɼ a ċonaic ſé an teine i ſúiliḃ an
ṁaċtíɼe aguſ an cúḃaɼ le n-a ḃéal, “ ní
miſe a ḃí ag tɼomaiḋeaċt oɼt an lá ſan,
|