AN T-IASGAIRE AGUS AN CEÓL
Ḃí feaɼ aɼ ḃɼuaċ na h-aḃan. Píobaiɼe dob
eaḋ é. Ċeap ſé, fé maɼ ḃailiġeaḋ ſé na
daoine ċun an ɼinnce leiſ an gceól, go
meallfaḋ ſé na h-éiſg aſ an aḃainn leiſ an
gceól. Ḃí ſé ag ſeint aguſ ag ſeint aguſ
ag ſeint dóiḃ, aċ níoɼ ċuiɼeadaɼ aon tſuim
ann. Fé ḋeiɼe do ċaiṫ ſé uaiḋ an ṗíb aguſ
do ɼug ſé aɼ na líntiḃ. Ṫug ſé an líon lán
leiſ, an ċéad iaɼaċt ’ná ’ċéile. Ḃí an líon
aɼ an bpoɼt aige aguſ é lán d’ iaſgaiḃ, aguſ
iad ag léimɼiġ ann.
“ Aċ ! ní’l aon ċiall agaiḃ,” aɼ ſeiſean.
“ Ní ɼinncfaḋ ſiḃ le ceól ó ċianaiḃ, aguſ
anoiſ táṫí ag ɼinnce gan ceól ! ”
An Múine :
“ Éiſt le fuaim na h-aḃan a’ſ ġeóḃaiḋ tú
bɼeac ! ”
|