A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 63
Táim ſáſta anoiſ. Sgaoil uait mé. Táim
ana-ḃuiḋeaċ díot.”
“ Ó ! Ambaſa,” aɼſan feaɼ, “ ní ḟéad-
finn tú ſgaoile uaim aɼ an gcuma ſan.
Nuaiɼ ḃeiḋ an fiaḋ ſeo iṫte agam ní móɼ
ḋom tuſa ḃeiṫ agam ċun ceann eile do
ṁaɼú. Tá áɼd-ċoiſiḋeaċt agat. Iſ móɼ
an ſeanſ a ḃí oɼm aguſ tu ṫeaċt ċuġam.
Taḃaɼfad do ḋóiṫin le n-iṫe ḋuit, ná bíoḋ
eagal oɼt.”
Tá an capal fé ſmaċt an ḟiɼ ó ẛin.
An Múine :
Iſ olc é an ɼún-díoġaltaiſ.
Má ’ſ mian leat olc do ḋéanaṁ aɼ do
naṁaid aguſ congnaṁ d’ ḟáġail ċuige, ſeaċain
ſul aɼ ṁeaſa ḋuit ċuġat an congnaṁ ’ná
an naṁaid. Seaċain ſul a ndéanfá maɼ
ḋéin Diaɼmuid Ṁaoil na mBó.
AN T-ÚCAIRE AGUS AN GUALADÓIR
“ Taɼ,” aɼſan gualadóiɼ leiſ an úcaiɼe,
“ aguſ deinimíſ aontiġeaſ. Ní’l ann aċ beiɼt
againn aguſ déanfiḋ aon tiġ aṁáin áɼ ngnó.”
“ Ambaſa,” aɼſan t-úcaiɼe, “ ní ḋéanfaḋ
ſan an ḃeaɼt go deo.”
“ Cad ’n-a ṫaoḃ ? ” aɼſan gualadóiɼ.
“ ’Sdó,” aɼſan t-úcaiɼe, “ ní túiſge ḃeaḋ
ɼud glan agam-ſa ’ná ḃeaḋ ſé ſalaċ agat-ſa.”
An Múine :
“ Seaċain an dɼoċ-ṫeangaḃálaiḋe.”
|