AN CAPAL AGUS AN FIAḊ
Ḃí fiaḋ aguſ capal i n-aon ḟoſuiġeaċt.
Ṫɼoideadaɼ. Toiſg na h-aḋaɼca géaɼa do
ḃeiṫ aɼ an ḃfiaḋ do ḃuaiḋ ſé aɼ an gcapal
aguſ do ḋíbiɼ ſé aſ an ḃfoſuiġeaċt é.
D’ imṫiġ an capal ag tɼial aɼ an ḃfeaɼ aguſ
ḋein ſé a ġeaɼán leiſ, aguſ d’iaɼ ſé aiɼ
conġnaṁ do ṫaḃaiɼt dó ċun an ḟiaḋ do
ṁaɼú.
“ Conuſ ḟéadfinn-ſe conġnaṁ do ṫaḃaiɼt
duit ? ” aɼſan feaɼ. “ Tá an fiaḋ ɼó ġéaɼ
i n-a ɼiṫ ḋom.”
“ Béaɼfad-ſa aɼ mo ṁuin ṫu,” aɼſan capal,
“ aguſ tiocfimíd ſuaſ leiſ.”
“ Tá go maiṫ,” aɼſan feaɼ. “ Ní móɼ
ḋom, áṁ, ſɼian aguſ ialait do ċuɼ oɼt.”
“ Táim ſáſta,” aɼſan capal, “ aċ go
ḃfeicfad díoġaltaſ ḋ’á imiɼt aɼ an ɼógaiɼe
úd na n-aḋaɼc.”
Do cuiɼeaḋ ſɼian aguſ ialait aɼ an gcapal
aguſ ċuaiḋ an feaɼ aɼ a ṁuin. Do leanaḋ
an fiaḋ. Do ɼiṫ ſé aḃfad, aċ do tánaṫaſ
ſuaſ leiſ aguſ do maɼḃaḋ é.
“ Seaḋ ! ” aɼſan capal. “ Bíoḋ ſan aige !
|