A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 61
i gcaiṫeaṁ an lae le h-eagla dá dtigeaḋ
aon ċóṁaɼſa iſteaċ go mbéaɼfinn aiɼ.”
“ Aguſ a’ mbíon ſlaḃɼa aɼ do ṁuineál i
gcaiṫeaṁ an lae ? ” aɼſan maċtíɼe aguſ
iongna aiɼ.
“ Bíon,” aɼſan gaḋaɼ, “ aċ nuaiɼ ḃeaḋ
taiṫíġe agat aiɼ ní ċuɼfá ſuim aɼ biṫ ann.”
“ Ambaſa, a ṁic ó,” aɼſan maċtíɼe, “ do
ċuiɼfinn-ſe ſuim ann. Dá gceangaltí maɼ
ſin me do ḃɼiſfinn an ceangal nú ṫaċtfinn
me féin. Níoɼ cuiɼeaḋ aon ċeangal ɼiaṁ
oɼm aguſ ní cuɼfaɼ ċoiḋċe. Iſ feaɼɼ liom
mo ċoṫú féin d’á olcaſ é aguſ cead
mo ċoſ, tɼé ċnucaiḃ aguſ tɼé ċoilltiḃ,
’ná do ċoṫú-ſa d’á ḟeaḃaſ é, aguſ do
ẛlaḃɼa. Go dtéiḋiɼ ſlán ! ” Do léim ſé
ṫaɼ ċlaiḋ aguſ ċuiɼ ſé an ɼéiḋ ó-ṫuaiḋ de.
An Múine :
Iſ maiɼg a ḋíolfaḋ é féin aɼ a n-íoſfaḋ ſé.
Ní ḟuilgean ſaoɼ-aicme ſlaḃɼa.
|