60 AESOP
“ Ní’l bac oɼt-ſa ṫu féin do ċoṫú ċóṁ
maiṫ aguſ ċoṫuiġim-ſe me féin aċ go ndéan-
fir an gnó a ḋeinim,” aɼſan gaḋaɼ.
“ Cad é an ſaġaſ gnóṫa é ? ” aɼſan maċtíɼe.
“ Ní ḋeaḃɼuiġean ſé guɼ gnó ɼó ċɼuaiḋ é.
Ní ḟéaċan tú maɼ ḟéaċfaḋ gaḋaɼ a ḃead
maɼḃ ó obaiɼ.”
“ Neóſfad-ſa ḋuit cad é an gnó é,” aɼſan
gaḋaɼ. “ Bíon oɼm an tiġ d’ ḟaiɼe aſdoiḋċe
aguſ na biṫeaṁnaiġ do ḋíbiɼt. ”
“ An mbíon a ṫuille,” aɼſan maċtíɼe. “ Ní
ḃíon a ṫuille,” aɼſan gaḋaɼ, “ aguſ ɼud iſ
feaɼɼ ’ná ſan’, ní’l aon ġnó iſ feaɼɼ a
ṫaiṫnean liom ’ná é.”
“ Andaiġ,” aɼſan maċtíɼe, “ iſ bɼeáġ bog
a ṫuillean tú do ḃeaṫa, aguſ miſe ag ſguabaḋ
na gcnuc aɼ feaḋ ċeiṫɼe n-uaiɼe fiċid b’
ḟéidiɼ, go minic, ſul a ḃfaġaim lán mo ḃéil
de ḃia.
“ Ní’l aoinne ’ġá iaɼaiḋ oɼt, ” aɼſan gaḋaɼ.
“ Aɼ ṁiſde ḋom dul i n-aonḟeaċt leat-ſa
anoiſ,” aɼſan maċtíɼe, “ aguſ déanfad an
obaiɼ a ḋeinean tuſa? ”
“ Téanam oɼt,” aɼſan gaḋaɼ.
Ḃí an ḃeiɼt ag ſodaɼ le coiſ a ċéile, ag
déanaṁ aɼ an dtiġ n-aɼ ḃain an gaḋaɼ leiſ.
Féaċaint d’á dtug an maċtíɼe aɼ ṁuineál
an ġaḋaiɼ ċonaic ſé ɼud éigin.
“ Cad é an ɼian é ſin a ċím aɼ do ṁuineál ? ”
aɼ ſeiſean leiſ an ngaḋaɼ.
“ Aċ ! ní fiú bioɼán a’ſ é ſin,” aɼſan
gaḋaɼ. “ Ní’l ann ſan aċ ɼian an tſlaḃɼa
a ḃíon oɼm i gcaiṫeaṁ an lae. Gaḋaɼ dɼoċ-
ṁiotalaċ iſeaḋ mé, aguſ caiṫteaɼ mé ċeangal
|