A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 53
AN PRÉAĊÁN AGUS AN ĊAORA
Ḃí pɼéaċán lá aɼ ḋɼom caoɼaċ aguſ é ag
cainnt go blaḋmanaċ aguſ go dɼoċ-ṁúinte.
“ Dá mba ġaḋaɼ a ḃeaḋ am’ inead-ſa,”
aɼſan ċaoɼa, “ ní ḃeaḋ oiɼead ſan buinne
fút-ſa.”
“ An aṁlaiḋ iſ dóiċ leat ná tuigim-ſe
féin an méid ſin, a ċailleaċ!” aɼ ſeiſean.
“ Deinim cainnt aguſ blaḋman aguſ dɼoċ-
ṁúine nuaiɼ a leigteaɼ dom é, aċ nuaiɼ ná
leigteaɼ bím ciúin go leóɼ.”
An Múine :
Iſ bɼeáġ í an ḟoiḋne, aċ iſ maiɼg a leig-
faḋ d’aoinne gaḃáil de ċoſaiḃ ann.
“ Nuaiɼ a buailfaɼ aɼ leacain tu iompuiġ
an leaca eile.” Duḃaiɼt Sé maɼ ſin é,
gan aṁɼaſ. Aċ duḃaiɼt Sé ɼud eile
’n-a aice ſin. “ Má ċaillean an ſalan a
ḃlaſ caiṫteaɼ ſa n-aoileaċ é aguſ gaḃtaɼ de
ċoſaiḃ ann.”
Ní h-ionan foiḋne aguſ ſpadántaċt.
Ní uaſal iſeaḋ an ḟoiḋne, aċ ní’l i
ſpadántaċt aċ ſalan gan ḃlaſ go ngaḃtaɼ
de ċoſaiḃ ann.
AN SEANDUINE AGUS AN BÁS
Ḃí ſeanduine caſ cancaɼac amuiċ lá aɼ
an gcnuc aguſ biɼtín bɼoſnaiḋ bailiġṫe
aige. Ḃí an t-ualaċ aɼ a ṁuin aige aguſ é
ag teaċt aḃaile, aguſ gaċ ciſcéim dá dtugaḋ
|