52 AESOP
An Múine :
“ Iſ uſa an t-olc do ċoſg i n-am ’ná é
leiġeaſ i n-antɼáṫ.”
“ Ní h-é lá na gaoiṫe lá na ſgolb.”
“ Ní h-é am na cneadaiġe am na h-aiṫɼiġe.”
“ Iſ feaɼɼ féaċaint ɼoiṁe ḋuine ’ná ḋá
ḟéaċaint i n-a ḋiaiḋ.”
“ An t-é ná déanfiḋ a leaſ ſeaċain é
nú ní ḋéanfiɼ-ſe do leaſ.”
AN SGIAṪÁN LEAṪAIR AGUS AN EAS
Do ɼug eaſ aɼ ſgiaṫán leaṫaiɼ. “ Ó ! ná
maiɼḃ me ! Iaɼaim aɼ ġɼáḋ ṫ’oiniġ é, taḃaiɼ
faoiſeaṁ dom ! ” aɼſan ſgiaṫán leaṫaiɼ.
“ Ní ṫugaim dul aſ d’ éanaiḃ,” aɼſan eaſ.
“ ’Sdó, ní h-éan miſe. Féaċ, iſ luċ me,”
aɼſan ſgiaṫán leaṫaiɼ.
D’ ḟéaċ an eaſ aiɼ. “ Iſ dóiċ liom go
ḃfuil an ceaɼt agat,” aɼ ſiſe, aguſ do
ſgaoil ſí uaiṫi é.
Tamal ’na ḋiaiḋ ſan do ɼug eaſ eile aiɼ.
“ Ó ! ” aɼ ſeiſean aiɼíſ, “ ná maiɼḃ me!
Iaɼaim aɼ ġɼáḋ ṫ’oiniġ é, taḃaiɼ faoiſeaṁ
dom.”
“ Ní ṫugaim dul aſ do luċaiḃ,” aɼſan eaſ.
“ ’Sdó, ní luċ miſe,” aɼ ſeiſean. “ Féaċ,
ſin iad mo ḋá ſgiaṫán. Iſ éan me.”
“ Ní deiɼim ná go ḃfuil an ceaɼt agat,”
aɼſan eaſ, aguſ do ſgaoil ſí uaiṫi é.
An Múine :
Iſ maiṫ an ɼud do ḋuine ḋá ẛɼaing do
ḃeiṫ aɼ a ḃoġa aige, aċ gan feall do ḋéanaṁ
aɼ aoinne leo.
|