A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 51
AN ÁINLE AGUS NA H-ÉIN EILE
Ḃí ɼoſ lín ag feaɼ ḋ’á ċuɼ i bpáiɼc. Ċonaic
an áinle é. D’ imṫiġ ſí aguſ ḃailiġ ſí na
h-éin eile. “ Féaċ,” aɼ ſiſe leo, “ tá ſé
ſiúd ag cuɼ ɼoiſ. Iſ aſ an ɼoſ d’ ḟáſan
an líon d’á ndeinteaɼ na líonta le n-a
mbeiɼteaɼ aɼ éanaiḃ. Téanaíḋ liom-ſa láiṫ-
ɼeaċ aguſ piocaimíſ an ɼoſ aſ an iṫiɼ ſaɼ a
mbeiḋ uain aige aɼ ṗɼéaṁú. Anſan ní
ḃeiḋ an líon ann aguſ ní féadfaɼ na líonta
do ḋéanaṁ ná iad do ċuɼ ɼóṁainn ċun áɼ
maɼḃṫa.”
Níoɼ ċuiɼeadaɼ ſuim inti. Níoɼ piocaḋ
an ɼoſ aguſ do ṗɼéaṁuiġ ſé aguſ ṫáinig an
líon oſ cionn tailiṁ.
Ḃailiġ an áinle na h-éin aiɼíſ.
“ Féaċ,” aɼ ſiſe, “ tá ſé oſ cionn tailiṁ.
Aċ ní’l ſé ɼo ḋéanaċ fóſ againn. Téimíſ
aguſ ſtaṫimíſ aſ an dtalaṁ é ſaɼ a neaɼ-
tuiġiḋ ſé.”
Níoɼ ċuiɼeadaɼ aon tſuim inti, aguſ
d’ḟáſ an líon go ɼaiḃ ſé ’na loiɼgniḃ áɼda.
“ Téimíſ,” aɼ ſiſe aiɼíſ leo, “ aguſ bainimíſ
an ceann de aguſ loitfiḋ ſan anoiſ féin é.”
Níoɼ ḋeineadaɼ aċ ḃeiṫ ag magaḋ fúiṫi
aguſ ag glaoḋaċ “ áinle an ḟeaſa ” uiɼṫi.
Nuaiɼ ċonaic ſí ná glacfidíſ cóṁaiɼle a
leaſa uaiṫi iſ é ɼud a ḋein ſí ná imṫeaċt
uaṫa aɼ fad. Ó ẛin a leiṫ ſéanan an áinle
na coillte aguſ na cɼaoḃċa aguſ deinean
ſí a nead fé ḋíonaiḃ aguſ fé ẛlíngiḃ aguſ
fé ſgiḃéalaiḃ na dteaċ, i n-áit náċ baoġal
di líonta.
|