BEAN NA CIRCE
Ḃí bean ann aguſ ḃí ceaɼc aici, aguſ ḃeiɼeaḋ
an ceaɼc uḃ i n-aġaiḋ an lae. Ċeap an ḃean
ḃoċt dá dtugaḋ ſí bɼeiſ le n-iṫe do’n gciɼc
go mbéaɼfaḋ an ceaɼc ḋá uḃ i n-aġaiḋ an lae.
Ċóṁ maiṫ do ṫug. Iſ é ɼud a ḋein an ċeaɼc,
áṁ, ná dul i ɼaiṁɼe aguſ ſtad de ḃɼeiṫ.
An Múine :
“ Níoɼ ṁeaſa do ḋuine ɼud a ḋéanfaḋ
díoḃáil dó ’ná ɼud fóġanta.”
Sáɼuiġean an tſainnt í féin.
Tá daoine aguſ ní foláiɼ leo gaċ aon
ɼud do ċuɼ i ḃfeaḃaſ. Má tá ɼud ċóṁ maiṫ
aguſ iſ féidiɼ dó ḃeiṫ, ní foláiɼ dó dul i
n-olcaſ le h-aṫɼú. Iſ é a ḃuac gan baint leiſ.
|