54 AESOP
ſé ḃíoḋ ſé ag ſpídiúċán aɼ an ualaċ maɼ
ġeall aɼ é ḃeiṫ ċóṁ tɼom.
D’aiɼiġ an ġaoṫ é aguſ ċeap ſí go mbeaḋ
ſpóɼt aici aiɼ. Dɼuid ſí ċuige ſuaſ aguſ
ḃain ſí únfaiɼt aſ. “ Ó ! gɼeadaḋ ċuġat,
maɼ ġaoiṫ ! ” aɼ ſeiſean. “ Ní h-aṁlaiḋ a
ṫaḃaɼfá congnaṁ dom.” Ṫáinig ſí laiſtiaɼ
de, maɼ ’ḋ eaḋ ag taḃaiɼt conganta ḋó,
aguſ do ẛéid ſí amaċ é i dtɼeo go
mb’éigean dó ɼiṫ tɼé loċán uiſge aguſ guɼ
fliuċaḋ go glúiniḃ é aguſ guɼ ḋóbaiɼ go
leagṫí é. Ní “ gɼeadaḋ ċuġat maɼ ġaoiṫ ”
a duḃaiɼt ſé anſan, aċ ɼud ba ṁeaſa go
móɼ ’ná é. Do ſgaoil ſí leiſ go ceann
tamail ḃig go dtí go ɼaiḃ ſé ag gaḃáil tɼé
ḃeáɼna dɼaoibe. Anſan do ſguab ſí móɼ-
ṫímpal aiɼ aguſ ṫug ſí coɼ coiſe ḋó aguſ do
leag ſí é féin aguſ an t-ualaċ ſa dɼaoib
aguſ ċuiɼ ſí an cnuc amaċ di.
D’ eiɼiġ ſé aguſ ċɼom ſé aɼ ġol. Ḃí culaiṫ
dɼaoibe ó ṁulaċ talaṁ aiɼ, an feaɼ boċt !
“ B’ ḟeaɼɼ liom ḃeiṫ maɼḃ ! ” aɼ ſeiſean,
“ ’ná ḃeiṫ ag ſtɼacaḋ leiſ an ſaoġal ſo
níoſ ſia ! B’ḟeaɼɼ liom go dtiocfaḋ an
báſ oɼm an neómat ſo ! ”
Le n-a linn ſin ṁoṫuiġ ſé an ɼud laiſtiaɼ
de. D’ḟéaċ ſé ṫaɼ a ġualainn. Cé ḃeaḋ i n-a
ẛeaſaṁ ann aċ an Báſ. D’eiɼiġ a ġɼuaig aɼ a
ċeann le ſgannɼa. Do ſtad an ſpídiúċán.
“ Ġlaoḋaiſ oɼm,” aɼſan Báſ. “ Cad tá
uait ? ”
“ Ó ! ní’l Faic, a ḋuine uaſail,” aɼ ſeiſean,
“ aċ go n-áɼdófá an ḃeaɼt ḃɼoſnaiḋ ſeo
oɼm.”
|