A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN 43
IÚPITER AGUS AN ḂEAĊ
Ṫug beaċ taḃaɼṫaſ do Iúpiteɼ, .i. ɼoinnt
meala ’n-a cɼiaṫaɼ. Ḃí ſé ċóṁ buiḋeaċ ſan
di go nduḃaiɼt ſé léi a ɼoġa aiſge d’iaɼaiḋ
aiɼ aguſ go ɼaiḃ ſé le fáġail aici. D’iaɼ
ſí aiɼ, an t-é go gcuiɼfaḋ ſí cealg ann go
mba ṫɼúig ḃáiſ dó é. Ba ḋeacaiɼ leiſ
ſin an aiſge ſin do ṫaḃaiɼt do ṗéiſtín ċóṁ
mioſcaiſeaċ, gan coſg éigin do ċuɼ léi ann.
“ Tá do ṁian agat,” aɼ ſeiſean, “ aċ
ſeaċain ! Beiḋ ſé ’n-a ṫɼúig ḃáiſ agat féin
leiſ, maɼ fágfiɼ an ċealg.”
An Múine :
Iſ olc í an ṁioſcaiſ. Aɼ nóſ na ceilge
aguſ na beiċe, iſ pian í do’n t-é aɼ a n-imeaɼ-
taɼ í aguſ iſ báſ í do’n t-é imɼean í ; .i.
báſ an ṗeacaiḋ ṁaiɼḃ.
“ Tigean an ḃɼéag tímpal.” Fillean an
ṁailíſ ſa ċúl uiɼṫi féin.
An ḟaid a ċɼuinniġean an ḃeaċ mil bíon an
ɼaṫ uiɼṫi. Ní túiſge ṫiomáinean ſí an ċealg
’ná ’tá deiɼe léi.
AN ĠRÁINNEÓG AGUS NA H-AIṪREAĊA
NIṀE
Ṫáinig an ġɼáinneóg go doɼuſ pluaiſe na
n-aiṫɼeaċ niṁe oiḋċe ẛeaca, aguſ d’iaɼ ſí
ḃeiṫ iſtiġ oɼṫa. Do leigeadaɼ iſteaċ í
ó ḃí an oiḋċe ċóṁ fuaɼ. Ṡocɼuiġ ſí í féin
aɼ láɼ an úɼláiɼ aguſ ḋein ſí liaɼṫóid di
féin, aguſ ẛín ſí na deilgne amaċ móɼ-
|