42 AESOP
amuiċ do ḃeiṫ oɼaiḃ. Dá dtigeaḋ fiolaɼ
nú ſeaḃac, faolċú nú mada-ɼuaḋ, áɼaċt
aeiɼ nú olṗiaſt talṁan, ag cuɼ iſteaċ oɼaiḃ,
miſe do ṫɼoidfaḋ iad, aguſ d’imɼeóċaḋ
báſ le gob a’ſ le h-ingniḃ oɼṫa, nú ṫaḃaɼfaḋ
a leiṫéid ſin de ſgeiṁle aguſ d’anfa ḋóiḃ,
’ġá ɼuagaḋ aguſ ’ġá ndíbiɼt, náɼ ḃaoġal
go ḃfillfidíſ.”
Ṫuigeadaɼ na colúɼa guɼ ḃɼeáġ go léiɼ
an ſgéal dóiḃ ɼí de’n tſóɼd ſan do ḃeiṫ oſ a
gcionn aguſ guɼ acu ḃeaḋ an ſaoġal ſáṁ fé
n-a ċumaſ aguſ fé n-a ċoſnaṁ aguſ aɼ a ſgáṫ.
Ġlacadaɼ i n-a ɼí oſ a gcionn é. B’éigean
dó a ḋeaɼḃú go daingean go mbeaḋ ſé
’n-a ɼí ċóiɼ ċoṫɼom oɼṫa, aguſ ḋeaɼḃuiġ-
eadaɼ-ſan ḃeiṫ díliſ dúɼṫaċtaċ dó-ſan.
Ba ġeaɼɼ go ḃfeacadaɼ ní a ċuiɼ iongna
oɼṫa. Oſ a gcóṁaiɼ amaċ, gan blúiɼe iongna
’n-a ṫaoḃ aiɼ, do ɼug ſé aɼ ċolúɼ acu aguſ
do ṁaiɼḃ aguſ d’iṫ! D’ ḟéaċadaɼ aɼ a
ċéile aguſ d’ ḟéaċadaɼ aiɼ-ſean. Níoɼ ċuiɼ
ſé ſuim aɼ bit ionta. Aɼ ball duḃaiɼt ſé
go neaṁṫuaiɼimeaċ, ná ɼaiḃ ann aċ a ḋual-
gaſ ɼí ḋó, colúɼ do ṁaɼú anoiſ aguſ
aiɼíſ nuaiɼ ḃeaḋ mian feóla aiɼ. Ċuiɼ ſé
’n-a luiġe aɼ a ċlainn guɼ ẛɼoiċ an dualgaſ
céadna iad-ſan. Anſan iſeaḋ ṫuigeadaɼ na
colúɼa guɼ ḋeineadaɼ deaɼṁad. Aċ ḃí
ſé fuaɼ acu ḃeiṫ ’ġá ṫuigſint an uaiɼ ſin.
Níoɼ ṫuigeadaɼ i n-am é.
An Múine :
Ná glac duine ċoiḋċe aɼ a ṫuaiɼiſg féin.
“ Ní h-aiṫeantaſ go h-aontiġeaſ.”
|