40 AESOP
AN CAPAL AGUS AN T-ASAL
Ḃí capal uaſal uaiḃɼeaċ óg, aguſ eiɼe
caṫa aiɼ, aguſ é ag ġluaiſeaċt fé ḋéin an
ċata. Ḃí ialait ġɼeanta aiɼ aguſ ſɼian
ḃɼeáġ go ɼaiḃ béalḃaċ aiɼgid inti. Ḃí ſé óg
láidiɼ cuṫaiġ. Ḃí gal aſ a ẛɼóin, aguſ ḃí
cúḃaɼ geal le n-a ċoɼán. Do ṫáɼla, ɼoimiſ
amaċ ag gaḃáil an bóṫaɼ céadna, aſal boċt
aguſ é tuiɼſeaċ aguſ ualaċ tɼom aiɼ.
“ Fág an tſliġe uaim nú geóḃad de ċoſaiḃ
ionat, a ɼud gan ṁaiṫ ! ” aɼſan capal, aguſ
ba ḃoɼb é a ġlóɼ.
Do ḋɼuid an t-aſal i leiṫ taoiḃ aguſ do
ġluaiſ an capal cogaiḋ ṫaiɼiſ amaċ aɼ coſ-
anáiɼde aguſ teine ċɼeaſa aige ḋ’á ḃaint aſ
na cloċaiḃ.
Ċuaiḋ ſé ſa ċaṫ. Níoɼ maɼḃaḋ ann é
aċ do baineaḋ an tſúil aſ. Nuaiɼ ḃí ſé
aɼ leaṫ-ẛúil ní ɼaiḃ a ṫuille maiṫeaſa ann
ċun cogaiḋ. Do díolaḋ le tíncéiɼ é. Níoɼ
cuiɼeaḋ an ialait ġɼeanta ná an tſɼian
ḃɼeáġ a ṫuille aiɼ. Do cuiɼeaḋ aɼ ċapal
éigin eile iad. Do ċuiɼ an tíncéiɼ ſean-
ẛɼaṫaɼ ḟada aiɼ, aguſ ċuiɼ ſé ſean-ċeannɼaċ
cnáibe aiɼ, aguſ níoɼ ṫug ſé leaṫ a ḋóṫana
le n-iṫe ḋó. Ba ġeaɼɼ go ɼaiḃ an ṁóſtaiſ
aguſ an ṁóɼáil aguſ an ṁóɼċúiſ aguſ
an teaſbaċ bainte i gceaɼt de. Ba ġeaɼɼ
go ɼaiḃ moing ġiobalaċ aiɼ, aguſ glúine
bɼiſte aige aguſ cɼomán áɼd aguſ aſna lom
aguſ muineál ſgɼogaċ. Ḃí ſé fiona-ċaſ
féiṫleaċ tɼoċailte, aguſ eaɼbal ſgáinte aiɼ.
Sa ɼioċt ſan dó, ḃí ſé ag dul aɼ aonaċ
|