AN LUĊ TUAṪA AGUS LUĊ AN ḂAILE
ṀÓIR
Ṫug luċ na tuaṫa cuiɼe ċun féaſta do
luċ an ḃaile ṁóiɼ oiḋċe. Ḃí ſean-aiṫn
acu aɼ a ċéile. Ċuiɼ luċ na tuaṫa oſ cóṁaiɼ
a ċaɼad ſóḋluiſtí móɼa, daɼ leiſ. Ḃí
blúiɼe de ḃɼioſcóid aige a deineaḋ de’n
ṗlúɼ ba ṁíne aguſ ba ġile; blúiɼe de ẛean-
ḃagún ; gɼáinne mine coiɼce a ḃí go cúṁɼṫa
aguſ go deiġḃlaſta ; blúiɼe nua-ċáiſe ; aguſ
ſmut d’uḃall ḋeaſ, aibiḋ, ṁiliſ. Níoɼ iṫ
ſé féin aon ṗioc de’n ḃia le h-eagla ná
beaḋ a ndóiṫin aɼaon ann. Aċ ċun a
leigint aiɼ go ɼaiḃ ſé ag iṫe ḋ’aimſiġ ſé
diaſ cɼuiṫneaċtan aguſ ḃí ſé ’ġá piocaḋ.
Ní ɼaiḃ i luċ na tuaṫa aċ cábóigín. Duine
uaſal dob eaḋ luċ na caṫaɼaċ. Aguſ do
laḃaiɼ ſé. “ Féaċ ! ” aɼ ſeiſean “ a ḋuine
ṁuínteaɼṫa, ná tóg oɼm é má ḋeinim dánaiḋ-
eaċt oɼt. Meaſaim guɼ móɼ go léiɼ an
díṫ céille ḋuit ḃeiṫ ag caiṫeaṁ do ẛaoġail
|